Cé ba cheart a bheith páirteach i gcosaint na hoidhreachta?
Cé hiad na daoine a bhfuil ról acu i gcosaint na hoidhreachta?

Cé hiad na daoine a bhfuil ról acu i gcosaint na hoidhreachta?

Má bhíonn spás sábháilte ann is féidir le gach duine páirt a ghlacadh in imeachtaí an chúrsa gan aon bhacanna nach bhfuil gá leo. Is féidir le gach grúpa a bprionsabail féin a leagan síos chun spás níos sábháilte a chruthú.

Is mó seans go n‑éireoidh le do chuid oibre tionchar dearfach forleathan a imirt ach an inbhuanaitheacht éiceolaíoch, eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha a chur san áireamh i do chuid gníomhaíochtaí oideachais.

Cé mhéad sampla den Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe a mbíonn tionchar acu ar shaol laethúil na ndaoine?

Sa cheacht seo déantar iniúchadh ar sheal ama ina raibh an traidisiún i réim.

Cuir eolas ar rud éigin úr faoin traidisiún trí do pheirspictíocht a athrú. Anseo, tugann earra neamhbheo tuairisc ar nósanna an duine.

Leideanna cabhracha maidir le turas allamuigh a eagrú, lena n‑áirítear an cuspóir a thuiscint, an suíomh a roghnú, pleanáil agus lóistíocht agus go leor eile.

Tuairisc ar cheacht amháin a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n‑áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t‑oide ealaíne ar fáil. Sa chás seo, eagraíodh turas allamuigh chuig séadchomhartha stairiúil sa cheantar.

Ceacht samplach a úsáideadh sa treoirstaidéar Éireannach, lena n‑áirítear treoracha céim ar chéim a chuir an t‑oide ealaíne ar fáil. Anseo, déantar fonn atá sa cheol thraidisiúnta a fhoghlaim ón chluas.

Rogha cleachtaí le cur i bhfeidhm i ranganna meánscoile sa stair, sa tíreolaíocht, sa tsocheolaíocht, nó in ábhair eile.
Caomhnaíonn gach mír oidhreachta siombailí a léiríonn mothúcháin, smaointe agus creidimh choitianta. Bíonn eolas ar na siombailí seo agus a gcuid bríonna tábhachtach d’ealaíontóirí pobail más mian leo an ghaois sin a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Is féidir modheolaíocht an cheachta seo a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs cultúrtha.

Is féidir an cur chuige oibre seo a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs inarb é is aidhm dó teicnící ceardaíochta a fhoghlaim chun aithris a dhéanamh ar earra oidhreachta trí mheán na healaíne. Sa chás seo, is í an phéintéireacht an réimse ealaíne atá faoi chaibidil.

Cuireann an ceacht seo feabhas ar scileanna fiosraithe an fhoghlaimeora agus cuireann sé coincheapa teoiriciúla i bhfeidhm trí anailís a dhéanamh ar mhíreanna oidhreachta agus iad a bheithniú i suíomhanna músaeim.

Is é is aidhm do chuairteanna staidéir ar láithreacha oidhreachta, ar mhúsaeim agus ar láithreacha seandálaíochta, scileanna, nósanna agus dearcthaí sonracha a fhorbairt chun tuiscint a fháil ar thábhacht an oideachais oidhreachta. Féach ar an tsampla seo ón Rómáin—is féidir é a chur in oiriúint do do cheantar féin.

Tá an aois ar cheann de na buntréithe a bhaineann le déantán nó traidisiún oidhreachta. Cuidíonn an ceacht praiticiúil seo leis an scoláire an prionsabal sin a thuiscint, anailís chriticiúil a dhéanamh ar mhír ar leith agus breithiúnais luacha a dhéanamh. Is féidir é a chur in oiriúint d’aon chomhthéacs ina bhfuil sé mar aidhm an t‑oideachas oidhreachta a bhaint amach.

Úsáidtear an ceacht seo chun foghlaim faoi shiombailí ársa ó chultúir éagsúla. Is féidir an ceacht seo a úsáid i ranganna teanga, san oideachas idirchultúrtha, nó agus tú ag plé stair na healaíne.

Rogha uirlisí úsáideacha ó thionscadal LIVIND, a dhírigh ar an oidhreacht bheo agus ar an inbhuanaitheacht

Is féidir oideachas oidhreachta a fhí isteach i gceachtanna matamaitice freisin. Más iontach an scéal é sin, feictear go bhfuil ceangal idir an dá réimse eolais seo. Is féidir an ceacht seo a úsáid i gceachtanna a bhaineann leas as an Mhatamaitic Spraoi nó sa Mhatamaitic Fheidhmeach.
